An Dr Úna Ní Broiméil, Mark Ó Súilleabhain agus Peadar Mac a Bháird.

An evening of enlightenment and conviviality

Ar an Déardaoin 15 Bealtaine, d'óstáil Conradh na Gaeilge oíche neamhfhoirmiúil i nDún Mhuire le léacht léirithe ón léachtóir, údar agus craoltóir Úna Ní Bhroiméil agus sólaistí fíona, cáise agus arán milis le Peadar Mac an Bháird ó Rogha na Tuaithe/ Country Choice.

Bhí John Quinn ina Ghael-Mheiriceánach mór le rá ag tús an fichiú haois a bhí ina phátrún mór ar na hEalaíona sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip chomh maith le bheith ina thacaí do chúis Rialtas Dúchais na hÉireann.

Thug Úna caint shiamsúil agus thaitneamhach dúinn ar shaol agus ar aimsir an fhir chasta seo, agus ar an gcaoi a bhfuil a thionchar fós le mothú i gcultúr agus i bpolaitíocht thras-Atlantach na linne. Agus ar ndóigh, bhaineamar taitneamh as ár ngnáth-caint & cómhrá cuidithe le sóláistí a chuir ár gcara Peadar Mac an Bháird ar fáil.